Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 73:7

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais; brúchtann smaointe a n‑intinne amach.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Bhí brat blonaige ar a cheannaithe Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna.

Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige; faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.

a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.

Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.

Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.

A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.

d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.

Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.

Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil.

D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí