Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -
Ní gá dom ach cuimhneamh agus tagann uafás orm, Agus bím ar ballchrith.
Tá a dtithe slán, gan eagla; Ní orthusan a bhagraíonn Dia a shlat.
Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.
Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.
Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.