Toisc go raibh m'aigne á spreagadh chun feirge le linn do mo chroí bheith á chiapadh,
Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
[Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;
Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.
Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada isteach i m'áranna.