Rinne mé machnamh d'fhonn go dtuigfinn an ní seo, ach chuaigh sé thar m'acmhainn a dhéanamh,
Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.
d'aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint,
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!