Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 73:11

An Bíobla Naofa 1981

Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia? An amhlaidh is eol don Té is Airde?”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,

Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.

Agus deir siad: “Ní fheiceann an Tiarna é; ní thugann Dia Iacóib dá aire é.”

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”

Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.

An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí