Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair: “De bhrí go ndearna tú an rud seo go raibh mallacht ort thar an eallach go léir, thar na hainmhithe allta go léir; beidh tú ag sní ar do bholg agus ag ithe cré, gach lá de do shaol.
Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.