Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 72:8

An Bíobla Naofa 1981

Go raibh a réim ó mhuir go muir; ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol.

Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.

Folaíodh na sléibhte faoina scáth; agus céadrais Dé faoina géaga.

Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair; agus is i m'ainmse a ardófar a neart.

Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.

Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.

Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.

Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí