Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh.
A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat; in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead; in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann. Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin, agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.