Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 72:1

An Bíobla Naofa 1981

[Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí, agus d'fhíréantacht ar mhac an rí;

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,

Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”

Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”

Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.

Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”

Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d'fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?”

Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.

tá spiorad an Tiarna ag lonnú air, spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna. (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)

Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí