Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 71:3

An Bíobla Naofa 1981

Bí agam i do charraig dhídine, i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil; óir is tú mo charraig is mo dhún.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m'fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.

Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,

mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom, mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.

Glaonn na duibheagáin ar a chéile le torann do chuid easanna. Tagann do thonnta agus do thuilte go léir ina gcaisí anuas orm.

Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.

Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite; mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.

Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m'athair; is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’

Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!” agus a rinne caiseal den Neach is Airde.

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.

Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.

Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: “Scrios iad.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí