Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 71:2

An Bíobla Naofa 1981

Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé; claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna; éist le m'achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d'fhíréantachta.

Cosain mo bheo as ucht d'ainm, a Thiarna; i d'fhíréantacht saor m'anam ón anacair.

Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas; feiceann tusa an fhírinne.

Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar.

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn; nár dhéantar mo náiriú go brách. Saor mé de réir d'fhíréantachta,

Seachain an t‑olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí