Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 71:16

An Bíobla Naofa 1981

Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna; d'fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt? cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?

Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin.

Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

Fógróidh mo bhéal d'fhíréantacht agus do chúnamh ó lá go chéile óir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.

Síneann d'fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia, is éachtach iad na nithe a rinne tú. A Dhia, cé is comhionann leatsa?

Fuascail mé i d'fhíréantacht agus saor mé; claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.

Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantacht i gcaitheamh an lae ar fad, toisc gur cuireadh nuar agus náire ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.

A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.

Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.

Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”

Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.

Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi.

Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,

Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.

Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.

agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse

Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí