Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 71:13

An Bíobla Naofa 1981

Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m'anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.

Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.

An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.

Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream atá ar tí mo mharaithe. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire lucht beartaithe oilc i m'aghaidh.

Thug an Tiarna aird ar m'achainí; tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.

Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus m'anam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantacht i gcaitheamh an lae ar fad, toisc gur cuireadh nuar agus náire ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.

Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.

Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.

Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí