A Dhia, ná bíse i bhfad uaim; déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.
Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?
Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe: ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.
Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost; ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!
Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh. Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta nach bhfeicim dada; ní lia ribí mo chinn ná iad agus teipeann mo mhisneach orm.
Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla; freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.
Go ndéana a mbíonn do d'iarraidh ríméad agus gairdeas. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh le Dia!”