Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 7:9

An Bíobla Naofa 1981

Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha. Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachta agus de réir an ionracais atá ionam.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”

“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé,

Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom; thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m'áranna agus mo chroí;

Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta a Dhia liom; a Thiarna bí liom.

Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine agus déanann slí an té is geal leis sábháilte.

D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,

d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.

Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom.

Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí,” shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.

i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.

i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.

Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.

Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.

Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne, a ransaíonn na háranna agus an croí, feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d'fhoilsigh mé mo chúis.

Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.

Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta

Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.

Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.

agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.

Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí