Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 7:8

An Bíobla Naofa 1981

Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”

Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,

Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”

Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.

Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.

Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.

Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom nuair nach ndéanfaidh m'eascairde a mbua a mhaíomh orm.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.

Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.

Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.

i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.

Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.

Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”

Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.

Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí