In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.
- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.
Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.
Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.
Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’