Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]
Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”
Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”
D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?
agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.”
D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”
Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”