Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 69:6

An Bíobla Naofa 1981

Is eol duit mo bhaois, a Dhia; is léir duit mo chionta.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,

Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.

An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.

Éirigh, a Thiarna, le corp feirge: éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom), dúisigh, ó d'fhógair tú breithiúnas.

Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, an tAon amháin a dhéanann éachtaí.

Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.

Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n‑aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe

Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d'Iosrael de réir mar a bhí geallta aige - is é sin Íosa.

Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí