Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 69:5

An Bíobla Naofa 1981

Ní lia ribí mo chinn ná lucht m'fhuatha gan fáth. An drong lér mian mo mhilleadh sáraíonn siad mé go héagórach. An amhlaidh a thabharfaidh mé ar ais an ní nár ghoid mé?

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm.

Óir d'éirigh mo chionta os mo chionn agus luíonn siad ina n‑ualach róthrom orm.

Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse, is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.

Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí