Maidir liomsa, cé gur daibhir dobrónach mé, déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia.
Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom; agus gur tú mo shlánaitheoir.
Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.
Bíonn m'anam ag déanamh mórtais as an Tiarna: éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde.