Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 69:16

An Bíobla Naofa 1981

sula n‑éirí na tonnta orm. Nár shloga an fharraige siar mé; nár dhúna an poll orm.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,

Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm; agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.

Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.

Iompaigh i leith orm le trócaire, óir táimse i m'aonarán angarach.

Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví,

Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa d'fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.

Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm, agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.

Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.

Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí