Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 68:3

An Bíobla Naofa 1981

Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad; mar chéir a leátar i láthair na tine rachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh.

Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.

Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!

Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.

Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.

Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann is mé a dhaingnigh a cholúin.

Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.

Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.

Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí.

Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí