Agus anois: “Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis, tusa agus áirc do chumhachta. Tá an slánú um do shagairt mar éide, agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.
Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorach tá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgead agus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.
Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: “Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n‑anam romhat.”
ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.