Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 67:3

An Bíobla Naofa 1981

Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Go maire m'anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom.

Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé.

In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat; ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.

Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah

Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire; go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do d'ainm.

“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí