Óir is é a thug beatha dár n‑anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.
Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh.
Óir ní fhanfaidh ríshlat na n‑éagráifeach ar fhearann na bhfíréan, sula ndéanfadh na fíréin a lámha a iompú chun oilc.
Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
I nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas; is uaidh a thagann mo chúnamh.
Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom, óir is ann atá mo dhóchas.
Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: ‘Is dá shliocht sinn fiú amháin.’ ”
Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.
Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.