Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 66:3

An Bíobla Naofa 1981

Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.

Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobail agus chuir tú os cionn na náisiún mé; rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,

an túisce ba chlos dóibh ghéill siad. Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,

Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!

Is méanar don té a roghnaíonn tú, á ghlaoch chun do chúirteanna. Sásófar le flúirse do thí sinn, le hionad naofa do theampaill.

As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde, bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.

Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia - 12 an té a bhaineann an t‑anam as taoisigh gur uafásach le ríthe na cruinne é.

chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.

Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”

Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.

Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit; uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo, agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.

Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí