Óir d'éist tú le mo mhóideanna, a Dhia; thug tú dom oidhreacht an dreama arb eagal leo d'ainm.
Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.
Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille: is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.
Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh. Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.
Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.