Glaoim ort ó chríocha na cruinne nuair a chliseann mo chroí. Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi, cuir mé in airde, a Dhia,
toisc gur chrom sé chugam a chluas, nuair a ghaireas air.
Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!” Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.
Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé in am na buartha; folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé, ardóidh ar charraig mé.
Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.
Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo