Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim, Agus is geall le scáil mo ghéaga.
Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha; bhínn ag osnaíl gach lá,
Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta, níor ceileadh ort m'osnaí ach oiread.
D'éirigh mé cortha de bheith ag glaoch; tá mo scornach tirim. Tá radharc mo shúl ag meath orm agus mé ag feitheamh le mo Dhia.
Chuir tú mo chairde i bhfad uaim; thug tú orthu déistin a ghlacadh liom. Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;
Ó dúirt tú: ‘Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m'osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!’
Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn agus ár súile go dúdhorcha dall: