Fill, a Thiarna, fuascail m'anam agus saor mé as ucht do bhuanghrá.
Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna, ná an drong a ghabhann síos san uaigh.
Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna. “A Thiarna, fóir ar m'anam!”
Ní éagfaidh mé, mairfidh mé; agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m'achainí. “Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duine obair a dhéanamh.