agus tá m'anam á chéasadh go géar, ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?
Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna. “A Thiarna, fóir ar m'anam!”
Óir sciob sé m'anam ón mbás, agus mo shúile ó dheora, agus mo chosa ó thuisliú.
A Thiarna, saor m'anam ar an mbéal urchóideach, agus ar an teanga chealgach.
Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d'anam.
Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé? Cá fhad a choinneoidh tú d'aghaidh i bhfolach orm?
Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.
Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna; mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.
Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.
Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm, agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.
Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?
Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?
Creachann torc fiáin na coille í agus alpann ainmhithe allta an mhachaire í.
Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.
Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: ‘Conas a fhillfimid?’
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.