Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 6:3

An Bíobla Naofa 1981

Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh,

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.

Tá mo leasracha arna líonadh d'othras, níl folláine ar bith i mo cholainn.

Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.

Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche; scrúdaím mé féin ó spiorad.

Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.

Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?

Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].

Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.”

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Tá buaireamh ar m'anam anois. Cad déarfaidh mé? ‘A Athair, saor mé ón uair seo’? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí