Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti.
Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach; ach níor thréig mé do phroiceapta.
Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham; saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide.
Móraigí an Tiarna mar aon liom: tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
Leathadar a líon dom gan chúis: rinneadar uaigh dom gan ábhar.
D'oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé.
Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid,
ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.