Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 51:3

An Bíobla Naofa 1981

Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear.

Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine: “Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta, Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm.

Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.

Óir táimse ar tí titim faoi láthair; bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.

A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche.

Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna, slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.

Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí