Rachadsa cheana i do theachsa trí líonmhaire do thrócaire; cromfaidh mé i do theampall naofa le heagla romhat, a Thiarna.
Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”
Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d'aitheanta.
Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna; múin dom do reachtanna.
agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa. Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse, a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna, cuir sa bhóthar réidh mé, d'ainneoin mo naimhde;
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
Óir d'éirigh lucht an díomais amach i m'éadan, agus tá daoine gan trua ar thóir m'anama; níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah
Is duitse a thabharfaidh mé moladh óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d'ainm.
Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d'amharc romhat amach.
Dúirt mé liom féin, mar sin: ‘Tá mé díbeartha as do láthair. Conas a gheobhaidh mé radharc arís ar do Theampall naofa?’
Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”
agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.