Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 5:6

An Bíobla Naofa 1981

Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

“Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,” ar siad leo, “ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d'fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é.

Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”

Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”

Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.

Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta. D'fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.

bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach,

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí