Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m'anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce.
Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”
D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.