Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia!
I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
I moiche na maidine bím ag glaoch ort; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
Go n‑éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort.
Is foighní m'anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin. Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,
Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.
A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
Is tú mo rí agus mo Dhia a thug barr agus bua do Iacób.
Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé.
sula n‑éirí na tonnta orm. Nár shloga an fharraige siar mé; nár dhúna an poll orm.
Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha; an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.
An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin mar a gcuirfeadh sí a hál ag d'altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.
An bhfoilseofar d'éachtaí sa dorchacht; agus d'fhíréantacht i dtír na díchuimhne?
Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.
Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhar do m'éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’
D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.