Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 5:10

An Bíobla Naofa 1981

Níl an fhírinne le fáil ina mbéal; tá cealg ina gcroí. Is uaigh ar leathadh a gcraos; is mealltach a dteanga.

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”

Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.

Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia, agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde.

Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.

Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;

An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.

Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.

Rialaíonn sé lena chumhacht go brách; bíonn a shúile ag faire na náisiún sula n‑éireodh lucht ceannairce ina éadan.

Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m'anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar.

Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa.

Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.

ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.” Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.

Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.

Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.

Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.

Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;

“Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.

Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.

Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí