Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 5:1

An Bíobla Naofa 1981

Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m'urnaí nach dtagann as béal bréagach.

Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.

nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.

Achainí Dháiví. 1 Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom, óir tá mé go dearóil dealbh.

Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,

Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n‑impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”

mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce

Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí