Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 49:9

An Bíobla Naofa 1981

is ródhaor aige éiric a anama.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.

Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin

Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?

Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.

Cá bhfuil bhur n‑aithreacha anois? Agus na fáithe, an bhfanann siadsan beo i gcónaí?

go bhfuil Dia tar éis é a chomhlíonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’

mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.

is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí