Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia;
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Nó: “Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.” Nó: “Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!”?
Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás, nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?