Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír.
Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair.
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách.
Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine; agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;