Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.
Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis. Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin. Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas. Mórfaimid do ghrá thar fhíon. Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”