Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. “Rinne siad iad féin a umhlú,” dúirt sé, “agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac.
Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.
Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”