Bhítheá á rá leat féin i do chroí: “Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas; os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga. Suífidh mé ar an sliabh mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle in iargúil an tuaiscirt i gcéin.
Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.
Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”
An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.
Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.
Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,