Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 48:13

An Bíobla Naofa 1981

Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.

I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht.

Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.

Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.

socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.

Insígí do bhur gclann é agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.

“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh - i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí