Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.
“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”