Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;